An t‑Éireannach: An Ceol Gaedhalach (1)

Le ‘Gailleamhach’ [Sorcha Ní Ghuairim]

XXXXXX
An t‑alt bunaidh in An t‑Éireannach. Le caoinchead Leabharlann James Hardiman, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Tá fonnadóirí agus fonnadóirí ann

Do léigheas leitir ó’n d“Tiobrad Árainneach” ins “An t‑Éireannach” an tseachtmhain seo caithte agus aontuighim leis an méid adubhairt sé maidir leis na h‑amhráin Ghaedhilge agus le lucht a gcasta.

Tá mé sgathamh maith i mB’l’á Cliath anois agus níl seachtmhain dá dteigheann tharm nach gcloisim cúpla amhrán Gaedhilge dá gcasadh ag Céilidhe nó ag Cuirm Cheoil acht is corr-dhuine i bhfad ó n‑a chéile a thugann leo i gceart iad. Agus ní h‑é amháin sin, acht teigheann sé sáthach géar ar a lucht éisteachta — sé sin aon duine a bhfuil foghraidheacht agus brigh na bhfocal i gceart aige — cluas a thabhairt dhóibh. Is breagh féin an glór a bhíonn ag cuid de na fonnadóirí seo, acht cé’n chabhair é sin nuair nach bhfuil siad i n‑ann na fuaimeanna, an blas, ná brigh an amhráin a thabhairt leo i gceart? Ba chóir go dtuigfeadh an fonnadóir brigh na bhfocal agus brigh an amhráin sul dá dtugadh sé faoi n‑a rádh.

Cuireann sin i gcuimhne dhom cainnt Paul Robeson a léigh mé ar pháipéar laetheamhail, tráth bhí an fonnadóir clúmhail sin annseo i mBaile Átha Cliath. Ag cainnt dhó faoi an gceol Gaedhealach dubhairt sé gur chuir sé an-tsuim ann acht nár mhaith leis a dhil a dréim leis na h‑amhráin Ghaedhilge gan eolas agus tuigsint [sic] ar an teanga. Acht is truagh nach mar sin a bhíonn an sgéal ag go leor de fhonnadóirí na h‑aimsire seo a thugann faoi na h‑amhráin Ghaedhilge a chasadh agus gan fios brigh na bhfocal ná an amhráin aca.

Tá sgéal i ngach ceann de na sean-amhráin Ghaedhilge, agus ba chóir go dtuigfidhe an scéal [sic] sin sul a dtugtaí faoi na h‑amhráin a rádh. Duine ar bith atá i n‑eolas na Gaedhealtachta tuigeann sé sin. Bíonn sgéal ag dul le gach amhrán ins an nGaedhealtacht agus ní bheadh aon tsásamh ag na daoine annsin i n‑amhrán mara ndéarfaí é ceathramha ar cheathramha ó thús go deire. Tá amhráin sáthach fada ins an nGaedhealtacht ar nós an “Droighneán Donn,” “Brighdín Bhéasaidh,” “Anach Chuain,” “Máire Ní Mhongáin,” “Mainistir na Buaile” agus amhráin nach iad, acht má’s fada gearr iad ní bheadh muinntir na Gaedhealtachta sásta le amhrán ar bith nach ndéarfaí i n‑a iomlán. Sé’n fáth é sin mar go bhfuil sgéal ag baint leis na h‑amhráin seo uilig agus nach dtuigtear brigh an amhráin mara gcríochnuightear é.

De gnáth, ní abuigheann fonnadóir ar bith i mB’l’á Cliath ná i n‑aon áit eile ar fud na Galltachta thar cúpla bhéarsa d’amhrán. Bh’fhéidir gur mar sin is fearr le n‑a lucht éisteachta acht ar a laighead ba chóir go dtuigfeadh an fonnadóir brigh an amhráin léi [sic] go mbeadh sé nó sí i n‑ann smaointe an fhile a nochtadh, bidís [sic] brónach, meidhreach nó eile.

Bí ag éisteacht la fonnadóir maith mná ins an nGaedhealtacht agus í ag gabháil suantraighe do’n leanbh, nach bogcaoin é a glór? Bí ag éisteacht léi ag casadh geantraighe, nach dtiubharfá an leabar go mb’é a cas féin é? Agus bí ag éisteacht léi ag casadh amhrán meidhreach nach dtógfadh sí an ceo de do chroidhe le feabhas is chuireann sí fuaimeanna ann [sic].

Maidir leis na fuaimeanna a bhíonn ag a lán d’fhonnadóirí na h‑aimsire seo is mór an feall atá dá dhéanamh aca ar an nGaedhilge agus ar na h‑amhráin, gan trácht ar a lucht éisteachta. Níl rud ar bith is mó a ghoileann ar chluas an Ghaedhilgeóra [sic] ná bheith ag éisteacht le ‘t’ agus ‘d’ agus consoin eile gan séimhiú agus le fuaimeanna caola, cruadha i leabaidh fuaimeanna boga, leathana. Déanann an dream seo a ndicheall ar an gceol a bheith ar fheabhas aca acht ní chuimhnigheann siad go bhfuil gádh ar bith le blas ná le foghraidheacht na Gaedhilge a bheith aca i gceart. Cé’n fáth nach gcuirann siad barr slaicht ar an obair agus roinnt aimsire a chaitheamh ag foghluim leis na fuaimeanna a ghthabhairt leo i gceart? Ní rud é a chinnfeadh ortha bébrí céard a dhéanfadh an blas bheidís i n‑ann na conson [sic] a shéimhiú agus na guthanna a shíneadh mar atá siad ins an amhrán.

Tá roinnt fonnadóirí maithe againn acht ní fhéadfar a rádh go mbeidh na h‑amhráin Ghaedhilge dá ngabháil mar is cóir no [sic] go bhfágaidh na fonnadóirí an chanamhaint ghalánta le n‑a h‑ais agus go dtuigidh siad brigh na n‑amhrán idir goltraige, geantraighe agus suantraighe. Ná ceaptar gur ag iarraidh aon droch-mhisneach a chur ar lucht foghlumtha na Gaeghilge ná na n‑amhrán atá mise. Is mór an moladh atá ag dul do’n dream atá ag iarraidh an ceol Gaedhealach a chur ’un cinn, acht ní aon díoghbháil comhairle a leasa a thabhairt dhóibh ar mhaithe leo féin, leis an gceol agus leis an teanga.

XXXXXX
An t‑alt bunaidh in An t‑Éireannach. Le caoinchead Leabharlann James Hardiman, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Tá fonnadóirí agus fonnadóirí ann

Do léiġeas leitir ó’n d“Tiobrad Árainneaċ” ins “An t‑Éireannaċ” an tseaċtṁain seo caiṫte agus aontuiġim leis an méid aduḃairt sé maidir leis na h‑aṁráin Ġaeḋilge agus le luċt a gcasta.

Tá mé sgaṫaṁ maiṫ i mB’l’á Cliaṫ anois agus níl seaċtṁain dá dteiġeann ṫarm naċ gcloisim cúpla aṁrán Gaeḋilge dá gcasaḋ ag Céiliḋe nó ag Cuirm Ċeoil aċt is corr-ḋuine i ḃfad ó n‑a ċéile a ṫugann leo i gceart iad. Agus ní h‑é aṁáin sin, aċt teiġeann sé sáṫaċ géar ar a luċt éisteachta — sé sin aon duine a ḃfuil foġraiḋeaċt agus briġ na ḃfocal i gceart aige — cluas a ṫaḃairt ḋóiḃ. Is breaġ féin an glór a ḃíonn ag cuid de na fonnadóirí seo, aċt cé’n ċaḃair é sin nuair naċ ḃfuil siad i n‑ann na fuaimeanna, an blas, ná briġ an aṁráin a ṫaḃairt leo i gceart? Ba ċóir go dtuigfeaḋ an fonnadóir briġ na ḃfocal agus briġ an aṁráin sul dá dtugaḋ sé faoi n‑a ráḋ.

Cuireann sin i gcuiṁne ḋom cainnt Paul Robeson a léiġ mé ar ṗáipéar laeṫeaṁail, tráṫ ḃí an fonnadóir clúṁail sin annseo i mBaile Áṫa Cliaṫ. Ag cainnt ḋó faoi an gceol Gaeḋealaċ duḃairt sé gur ċuir sé an-tsuim ann aċt nár ṁaiṫ leis a ḋil a dréim leis na h‑aṁráin Ġaeḋilge gan eolas agus tuigsint [sic] ar an teanga. Aċt is truaġ naċ mar sin a ḃíonn an sgéal ag go leor de ḟonnadóirí na h‑aimsire seo a ṫugann faoi na h‑aṁráin Ġaeḋilge a ċasaḋ agus gan fios briġ na ḃfocal ná an aṁráin aca.

Tá sgéal i ngaċ ceann de na sean-aṁráin Ġaeḋilge, agus ba ċóir go dtuigfiḋe an scéal [sic] sin sul a dtugtaí faoi na h‑aṁráin a ráḋ. Duine ar biṫ atá i n‑eolas na Gaeḋealtaċta tuigeann sé sin. Bíonn sgéal ag dul le gaċ aṁrán ins an nGaeḋealtaċt agus ní ḃeaḋ aon tsásaṁ ag na daoine annsin i n‑aṁrán mara ndéarfaí é ceaṫraṁa ar ċeaṫraṁa ó ṫús go deire. Tá aṁráin sáṫaċ fada ins an nGaeḋealtaċt ar nós an “Droiġneán Donn,” “Briġdín Ḃéasaiḋ,” “Anaċ Ċuain,” “Máire Ní Ṁongáin,” “Mainistir na Buaile” agus aṁráin naċ iad, aċt má’s fada gearr iad ní ḃeaḋ muinntir na Gaeḋealtaċta sásta le aṁrán ar biṫ naċ ndéarfaí i n‑a iomlán. Sé’n fáṫ é sin mar go ḃfuil sgéal ag baint leis na h‑aṁráin seo uilig agus naċ dtuigtear briġ an aṁráin mara gcríoċnuiġtear é.

De gnáṫ, ní abuiġeann fonnadóir ar biṫ i mB’l’á Cliaṫ ná i n‑aon áit eile ar fud na Galltaċta ṫar cúpla ḃéarsa d’aṁrán. Ḃ’ḟéidir gur mar sin is fearr le n‑a luċt éisteaċta aċt ar a laiġead ba ċóir go dtuigfeaḋ an fonnadóir briġ an aṁráin léi [sic] go mbeaḋ sé nó sí i n‑ann smaointe an ḟile a noċtaḋ, bidís [sic] brónaċ, meiḋreaċ nó eile.

Bí ag éisteaċt la fonnadóir maiṫ mná ins an nGaeḋealtaċt agus í ag gaḃáil suantraiġe do’n leanḃ, naċ bogcaoin é a glór? Bí ag éisteaċt léi ag casaḋ geantraiġe, naċ dtiuḃarfá an leabar go mb’é a cas féin é? Agus bí ag éisteaċt léi ag casaḋ aṁrán meiḋreaċ naċ dtógfaḋ sí an ceo de do ċroiḋe le feaḃas is ċuireann sí fuaimeanna ann [sic].

Maidir leis na fuaimeanna a ḃíonn ag a lán d’ḟonnadóirí na h‑aimsire seo is mór an feall atá dá ḋéanaṁ aca ar an nGaeḋilge agus ar na h‑aṁráin, gan tráċt ar a luċt éisteaċta. Níl rud ar biṫ is mó a ġoileann ar ċluas an Ġaeḋilgeóra [sic] ná ḃeiṫ ag éisteaċt le ‘t’ agus ‘d’ agus consoin eile gan séiṁiú agus le fuaimeanna caola, cruaḋa i leabaiḋ fuaimeanna boga, leaṫana. Déanann an dream seo a ndiċeall ar an gceol a ḃeiṫ ar ḟeaḃas aca aċt ní ċuiṁniġeann siad go ḃfuil gáḋ ar biṫ le blas ná le foġraiḋeaċt na Gaeḋilge a ḃeiṫ aca i gceart. Cé’n fáṫ naċ gcuirann siad barr slaiċt ar an obair agus roinnt aimsire a ċaiṫeaṁ ag foġluim leis na fuaimeanna a ġṫaḃairt leo i gceart? Ní rud é a ċinnfeaḋ orṫa bébrí céard a ḋéanfaḋ an blas ḃeidís i n‑ann na conson [sic] a ṡéiṁiú agus na guṫanna a ṡíneaḋ mar atá siad ins an aṁrán.

Tá roinnt fonnadóirí maiṫe againn aċt ní ḟéadfar a ráḋ go mbeiḋ na h‑aṁráin Ġaeḋilge dá ngaḃáil mar is cóir no [sic] go ḃfágaiḋ na fonnadóirí an ċanaṁaint ġalánta le n‑a h‑ais agus go dtuigiḋ siad briġ na n‑aṁrán idir goltraige, geantraiġe agus suantraiġe. Ná ceaptar gur ag iarraiḋ aon droċ-ṁisneaċ a ċur ar luċt foġlumṫa na Gaeġilge ná na n‑aṁrán atá mise. Is mór an molaḋ atá ag dul do’n dream atá ag iarraiḋ an ceol Gaeḋealaċ a ċur ’un cinn, aċt ní aon díoġḃáil coṁairle a leasa a ṫaḃairt ḋóiḃ ar ṁaiṫe leo féin, leis an gceol agus leis an teanga.